Maraíodh gluaisrothaí, fear sna fichidí, i dtimpiste bóthair a bhí i Mainistir Laoise i gCo Laoise inné.
Tharla an timpiste ag an acomhal idir Bóthar Phort Laoise agus Bóthar Bhaile an Ruáin ar bhóthar an N77 ag thart ar 7.50 tráthnóna inné.
Is cosúil gur imigh an gluaisrothar den bhóthar agus deir na Gardaí nach raibh aon fheithicil eile bainteach leis an tubaiste.
Bhásaigh an gluaisrothaí ar an mball.
Tá na Gardaí i Mainistir Laoise ag achainí ar aon duine a bhí sa cheantar idir 7 a chlog agus 8 a chlog tráthnóna inné teacht chun cainte leo, go háirithe tiománaithe a mbeadh íomhánna ó cheamara deaise acu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ