Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gaza: leathchéad eile maraithe ag Iosrael ó inné

09 IÚIL 2025, 12:11

Lorg na buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar Chathair Gaza i gcaitheamh na hoíche
X Facebook

Tuairiscítear gur maraíodh scór Palaistíneach ar a laghad – seisear páistí ina measc – in dhá ionsaí buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar ionaid in Gaza i gcaitheamh na hoíche.

Deir cosaint shibhialta Gaza gur buaileadh puball ina raibh dídeanaithe ag cur fúthu in Khan Younis i ndeisceart Gaza agus gur buaileadh campa teifeach i gCathair Gaza i dtuaisceart na hiamhchríche.

Deirtear gur maraíodh deichniúr ón teaghlach céanna san ionsaí in Khan Younis agus gur daoine ó dhá theaghlach a maraíodh i gCathair Gaza.

Tuairiscítear freisin gur maraíodh 29 duine eile ar fud Gaza inné, dídeanaithe a bhí ar an bhfán ina measc.

Bhí cruinniú eile ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu le hUachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump sa Teach Bán in Washington aréir le sos comhraic in Gaza a phlé.

Tá comhráite ar siúl i gCatar faoi shos comhraic agus tá sé tugtha le fios ag Trump go bhféadfaí teacht ar chomhaontú uair éigin an tseachtain seo.

Áirítear 60,000 duine a bheith maraithe ag na hIosraelaigh sa chinedhíothú atá siad a dhéanamh in Gaza le bliain agus trí ráithe.

Níl aon áireamh ar an líon daoine atá donaithe ag na hIosraelaigh freisin i gcaitheamh an achair sin, ná insint ar an lomscrios atá déanta acu.

Tá daoine fágtha gan riar a gcáis agus tá leanaí ag fáil bháis le hocras agus le míchothú.

An sléacht a rinne lucht airm Hamas i ndeisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 a spreag forbhrúidiúlacht na nIosraelach.

Maraíodh thart ar 1,140 duine i mórionsaí úd Hamas agus tógadh 251 duine mar ghialla.

Meastar nach bhfuil ach 49 de na gialla ina mbeatha i gcónaí agus dealraíonn sé gur maraíodh cuid acu in ionsaithe a rinne na hIosraelaigh ar na háiteanna ina raibh siad faoi choinneáil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ