Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Turas samhraidh CLG na Palaistíne i mbaol

10 IÚIL 2025, 12:58

Tá na Palaistínigh óga agus a gcuid meantóirí le teacht go hÉirinn seachtain ó amárach
X Facebook

Deir Cumann Lúthchleas Gael na Palaistíne gur dhiúltaigh Seirbhís Inimirce na hÉireann víosaí a lamháil do roinnt imreoirí óga agus meantóirí ón gcumann a bhí le teacht chun na tíre seo ar thuras samhraidh.

33 páiste agus 14 meantóir ón mBruach Thiar atá i dtreis agus bhí siad le tús a chur lena dturas go hÉirinn ar an 18 Iúil.

I bpostáil a d'fhoilsigh an cumann ar na meáin shóisialta, dúradh go raibh an-díomá ar fad orthu faoin gcinneadh na víosaí a dhiúltú agus tugadh le fios go raibh rún acu achomharc a dhéanamh ina aghaidh.

Bhí na Palaistínigh le baint fúthu ag teaghlaigh éagsúla agus iad ar camchuairt ar an tír.

Dúirt cathaoirleach CLG na Palaistíne, Steven Redmond, gur chuir an tSeirbhís Inimirce in iúl don chumann nár chomhlíon na dintiúir a bhí curtha ar fáil acu na critéir iontrála agus go raibh tuilleadh cáipéisí de dhíth.

Mhaígh sé nár cuireadh ar a súile roimhe seo go raibh na cáipéisí breise sin ag teastáil agus thug le fios go mbeadh sé ag dul rite leo iad a chur ar fáil roimh lá an chaighdeáin.

I ráiteas ón Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, dúradh go mbíonn cáipéisí áirithe maidir le cosaint leanbh le cur ar fáil i gcás mar seo sula lámháiltear víosa iontrála – leithéidí teastais bhreithe agus foirmeacha toilithe, cuir i gcás.

Tá an cinneadh gan na víosaí a lamháil do na Palaistínigh cáinte ag dreamanna éagsúla agus d'iarr ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ar an Rialtas an cheist a réiteach gan mhoill.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ