Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Trump ag bagairt taraifí thar cuimse a ghearradh ar an Rúis

10 IÚIL 2025, 12:57

Cuid den damáiste a rinneadh do cheantar cónaithe i gCív mar gheall ar na hionsaithe drón, 10 Iúil 2025
X Facebook

Tuairiscítear gur maraíodh beirt agus gur gortaíodh trí dhuine dhéag in ionsaithe diúracán agus drón a rinne fórsaí míleata na Rúise ar phríomhchathair na hÚcráine, Cív, i gcaitheamh na hoíche. Bhí árais chónaithe i measc na bhfoirgneamh a buaileadh.

Arú inné, scaoil na Rúisigh mórshailbhe drón thar cuimse le bailte ar fud na hÚcráine, an líon ba mhó ó thosaigh an cogadh trí bliana go leith ó shin.

Tá sé ráite ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go bhfuil sé thar a bheith míshásta leis an neamshuim a dúirt sé atá na Rúisigh a dhéanamh dá chuid iarrachtaí tathant orthu sos comhraic a chur i bhfeidhm.

Gheall Trump tuilleadh trealaimh mhíleata a sheachadadh chun na hÚcráine le súil malairt polasaí a sháirsingiú ar Uachtarán na Rúise Vladimir Putin, mar a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go raibh sé ag cuimhneamh ar tharaifí breise a ghearradh ar an Rúis – suas le 500% – agus ar thíortha a cheannaíonn táirgí ón Rúis, ola agus gás ina measc, mura gcomhoibreodh Putin leis.

Bhí cruinniú ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky agus Toscaire Speisialta na Stát Aontaithe Keith Kellogg san Iodáil inné, agus beidh cruinniú in Kuala Lumpur inniu ag Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe Marco Rubio agus Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise Sergei Lavrov.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ