Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cinneadh déanta ag póilíní gan tine chnámh a bhaint ó chéile

10 IÚIL 2025, 17:25

An tine chnámh chonspóideach i ndeisceart Bhéal Feirste
X Facebook

Tá sé socraithe ag na póilíní sa Tuaisceart gan cabhrú le conraitheoirí tine chnámh i ndeisceart Bhéal Feirste a bhaint ó chéile mar a bhí iarrtha orthu ag an gComhairle Cathrach.

I ráiteas, dúirt na póilíní go ndearna siad an cinneadh gan iarratas na Comhairle Cathrach a chur i ngníomh mar gur sábháilte sin ar deireadh, dar leo, nuair a chuirtear gach taobh den scéal san áireamh.

Tá na dílseoirí leis an tine chnámh ar Shráid Meridi a lasadh oíche amárach mar chuid d'fhéile bhliantúil na nOráisteach.

Tá an tine chnámh buailte ar fhostáisiún leictreachais, áfach, a bhfuil Ospidéal an Royal Victoria agus Ospidéal Chathair Bhéal Feirste ag brath air, agus tá ábhar aispeiste ar an suíomh chomh maith.

Deir na dílseoirí go bhfuil an fostáisiún folaithe acu le leathán mór cruach agus go bhfuil taról tiubh leata anuas acu ar an áit a bhfuil an aispeist.

Ní léir, ámh, gur leor ceachtar den dá rud sin mar chosaint ar theas na tine.

Níos túisce, dúirt na póilíní gur scéal tromchúiseach a bhí ann agus thug siad le fios go raibh siad i mbun comhráite le grúpaí pobail áitiúla, le polaiteoirí agus le gníomhaireachtaí éagsúla le súil réiteach a fháil ar an aighneas.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ