Tá Uachtarán Mheiriceá Donald Trump i ndiaidh a thabhairt le fios anois go seolfaidh sé córais chosanta aeir chuig an Úcráin, 'ionas go mbeidh an tír sin in ann í féin a chosaint' ó ionsaithe diúracán na Rúise mar a dúirt sé.
Níl sé ach coicís ó shin ó dúirt an tUachtarán Trump go mbeadh Meiriceá ag staonadh go ceann tamaill ó bheith ag seoladh a thuilleadh arm anonn ansin.
Tuigtear áfach go bhfuil athrú intinne tagtha air ón uair nach léir dó go bhfuil aon chomhoibriú ag teacht ó Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin i dtaca le sos comhraic a chur i bhfeidhm sa gcogadh leis an Úcráin.
Dúirt an tUachtarán Trump freisin go gcúiteodh an tAontas Eorpach costas breise seo na n-arm leis na Stáit Aontaithe.
Pléifidh sé cás na hÚcráine agus ceisteanna idirnáisiúnta eile an tseachtain seo sa chruinniú a bheidh aige le Ard-Rúnaí NATO níos deireanaí an tseachtain seo.