Tá an obair thochailte tosaithe ar an suíomh ina mbíodh an tÁras Máthar agus Linbh i dTuaim i gCo.na Gaillimhe.
Cuireadh tús leis an obair ag 10.30 ar maidin agus is í Oifig an Stiúrthóra um Idirghabháil Údaraithe i dTuaim (ODAIT) atá i mbun maoirseachta ar an tochailt.
11 bliain ó shin a léirigh taighde ón staraí áitiúil, Catherine Corless nach raibh aon taifead oifigiúil adhlactha ann don bheagnach 800 páiste agus naíonán a bhásaigh san áras thar thréimhse 36 bliain.
Is a bhuíochas don staidéar seo a cuireadh tús le fiosrúchán a bhfuil obair an lae inniu mar thoradh air.
Léirigh roinnt réamhscrúduithe cnámha faoi thalamh sa gcuid sin den láthair ina raibh cuid de chóras séarachais an árais.
Ceaptar gur bhain na cnámha seo le coirp roinnt de na leanaí atá i gceist i staidéar Chatherine Corless.
Meastar go dtógfaidh an obair seo atá ar bun faoi láthair suas le 2 bhliain.
Ba é Ord Siúracha Bon Secours a bhí ag riaradh an árais thar ceann Chomhairle Contae na Gaillimhe idir 1925 agus 1961.