Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Gael Éireannach-Albanach Seán F Ó Drisceoil tar éis bháis

13 LÚNASA 2025, 18:14

Seán F Ó Drisceoil i Steòrnabhagh
X Facebook

Tá an t-oide agus an gníomhaí teanga Seán F Ó Drisceoil tar éis bháis.

Ba as Cill Chainnigh ó dhúchas do Sheán ach chaith sé go leor dá shaol in Albain.

Sna hochtóidí, bhí sé ina phríomhoide ar Shabhal Mòr Ostaig, an coláiste Gàidhlig triú leibhéal san Eilean Sgitheanach agus le deireanaí bhí sé ag obair mar Oifigeach Tithíochta Tuaithe leis an eagraíocht tithíochta Tighean Innse Gall i Steòrnabhagh i Leòdhas agus Na Hearadh.

Bhí cónaí air sna Forbacha i gConamara ar feadh i bhfad agus bhí sé sáite i gcúrsaí teanga agus pobail sa cheantar sin.

Ba é a rinne páirt Pharthaláin sa tsraith aitheanta drámaíochta Baile an Droichid ar Raidió na Gaeltachta ar feadh blianta fada.

Cronóidh Gaeil ar an dá thaobh de Shruth na Maoile é.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ