Tháinig fear 30 bliain d'aois os comhair cúirte i mBaile Nua na hArda i gCo an Dúin ar nasc físe ar maidin inniu agus é cúisithe i bhfear 56 bliain a dhúnmharú agus in iarracht a dhéanamh ar shagart a dhúnmharú an deireadh seachtaine seo caite.
Tá Hugh Malone cúisithe i ndúnmharú Stephen Brannigan a bhfuarthas a chorp i dteach i bPáirc Mhuire i nDún Pádraig i gCo an Dúin tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite.
Cúpla uair a chloig sula bhfuarthas corp Stephen Brannigan, rinneadh ionsaí brúidiúil ar an gCanónach John Murray i Séipéal Naomh Pádraig i lár an bhaile sin.
Buaileadh ar an gcloigeann le buidéal an Canónach Murray i sacraistí an tséipéil, agus tá sé curtha i leith Hugh Malone go ndearna sé iarracht ar an sagart a dhúnmharú.
Deirtear go bhfuil an Canónach Murray ag teacht chuige féin san ospidéal.
Ní dúirt Hugh Malone sa chúirt inniu ach gur thuig sé na cúisimh a bhí curtha ina leith.
Dúradh sa chúirt nach raibh seoladh seasta baile ag an gcúisí agus cuireadh siar faoi choinneáil é go ceann ceithre seachtaine.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ