Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Straitéis úrnua ag teastáil ón tionscal turasóireachta'

13 LÚNASA 2025, 08:49

An tionscal turasóireachta ag iarraidh deireadh a chur leis an teorainn ar an líon paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath
X Facebook

Táthar ag iarraidh ar an Rialtas tuilleadh a infheistiú sa tionscal turasóireachta in Éirinn, tionscal a deir eagraíocht ionadaíochta atá "ar shéala cliseadh".

Dar le Cónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann gur chóir deireadh a chur leis an teorainn ar an líon paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, an cháin bhreisluacha a laghdú go 9% san earnáil fáilteachais agus níos mó airgid a chaitheamh ar ghnóthaí turasóireachta trí chéile i bhfonn go gcuirfí borradh as an nua faoin tionscal.

Tá an méid sin ráite in aighneacht atá curtha faoi bhráid an Rialtais ag an eagraíocht in am don chéad Bhuiséad eile.

Deirtear freisin san aighneacht go bhfuil laghdú suntasach ar an líon turasóirí atá ag teacht go hÉirinn, go háirithe as na Stáit Aontaithe.

Táthar ag brath an iomarca ar thurasóirí as Meiriceá ar aon chaoi, a deirtear, agus ní mór straitéis úrnua a chumadh le tuilleadh daoine as tíortha eile a mhealladh.

Moltar san aighneacht chomh maith an t-airgead a chaitear gach bliain ar an tionscal turasóireachta a ardú ó €90 milliún go €340 milliún.

Mar leis an gcáin bhreisluacha, iarrtar an ráta de 9% a thabhairt ar ais san earnáil fáilteachais agus go deimhin tuilleadh cineálacha gnóthas a chur san áireamh feasta.

Ina cheann sin, deirtear gur den riachtanas tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na haerfoirt réigiúnacha i gCorcaigh agus i Sionainn.

Fógrófar Buiséad 2026 ar an 7 Deireadh Fómhair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ