Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear sna fichidí báite i gCo Chiarraí

13 LÚNASA 2025, 13:38

Bádh an fear in Abhainn na Fleisce i gCill Airne, Co Chiarraí, tráthnóna inné
X Facebook

Bádh fear sna fichidí i gCill Airne i gCo Chiarraí inné.

Bhí an fear ag snámh in Abhainn na Fleisce ag thart ar 3.30 tráthnóna inné nuair a chuaigh sé i ndeacracht.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála agus thug siad an fear as an uisce.

Fuair sé bás ar an mball, áfach.

Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar chorp an fhir níos déanaí.

Deir na Gardaí gur timpiste thragóideach a bhí i mbás an fhir.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ