Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Sinn Féin ag ceistiú cheapachán Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe

13 LÚNASA 2025, 19:27

Is í Ollscoil na Gaillimhe an t-aon institiúid tríú leibhéal sa Stát a bhfuil stádas mar ollscoil dhátheangach aici.
X Facebook

Tá cruinniú iarrtha go práinneach ag urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, ar údarás Ollscoil na Gaillimhe le stádas na Gaeilge san ollscoil sin a phlé.

Deir an Teachta Ó Snodaigh go bhfuil díomá léirithe ag pobal na Gaeilge go bhfuil Uachtarán nach bhfuil aon Ghaeilge aige ceaptha ar an Ollscoil, an t-aon ollscoil sa Stát a mhaíonn gur ollscoil dhátheangach í.

An tseachtain seo chuaigh thart d'fhógair Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil an tOllamh David J. Burn ó Newcastle i Sasana ceaptha ina Uachtarán. Tiocfaidh sé i gcomharbacht ar an Ollamh Peter McHugh atá sa phost go h-eatramhach le bliain anuas.

Professor David J Burn University of Galway President
Is as Newcastle i dtuaisceart Shasana Uachtarán nua Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David J. Burn

Seo an chéad uair ó 1926 nach raibh Gaeilge ag Uachtarán na hOllscoile.

Deir Sinn Féin gur céim chun gcúil atá anseo.

"Guím gach rath ar an Ollamh Burn ina phost nua," a dúirt Aengus Ó Snodaigh, "ach caithfear soiléiriú a chur ar fáil do phobal na Gaeilge atá míshásta gur ceapadh duine gan aon Ghaeilge ina uachtarán ar an aon Ollscoil dhátheangach in Éirinn den chéad uair ó bunaíodh an Stát."

I 2017 chuir an Rialtas san am deireadh leis an dualgas reachtúil a bhí ar Ollscoil na Gaillimhe ón bhliain 1926 duine a mbeadh Gaeilge aige a cheapadh i bpost an Uachtaráin. Ba í Ollscoil na Gaillimhe an taon institiúid ardoideachais sa Stát a raibh coinníoll uirthi i leith na Gaeilge. Anois go bhfuil deireadh leis sin, deir Sinn Féin go gcaithfidh an Ollscoil sainmhíniú a thabhairt ar an rud atá i gceist le hollscoil dhátheangach.

Cuireadh deireadh leis an dualgas reachtúil i 2017 go gcaithfeadh Gaeilge a bheith ag an té a cheapfaí ina Uachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe.

Tá an cinneadh cáinte ag Conradh na Gaeilge chomh maith. Dúirt Bainisteoir Abhcóidíochta an Chonartha Róisín Ní Chinnéide, nach bhfuil aon chosaint reachtúil anois ag an Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe ó cuireadh deireadh leis an riachtanas i 2017."

"Ciallaíonn seo go bhfágfar faoin Ollscoil féin é a dtiomantas féin a léiriú," a dúirt sí. "Mura bhfuil an fhoireann ar fad in ann a gcuid gnó a dhéanamh le hoifigí uile na hOllscoile trí mheán na Gaolainne, an féidir stádas dátheangach a bheith ag an Ollscoil?"

Deir Sinn Féin go mbeidh siad ag iarraidh fháil amach ó Údarás na hOllscoile cad chuige a dtearn siad "neamhaird" den nGaeilge sa phróiseas ceapacháin.

Seo an chéad uair ó 1926 nach raibh Gaeilge ag Uachtarán na hOllscoile.

I ráiteas a chuir siad ar fáil do Nuacht RTÉ dúirt Ollscoil na Gaillimhe nach raibh "riachtanas follasach" ar bith ann ó bhí 2017 ann, duine a bhfuil Gaeilge a aige a cheapadh ina Uachtarán.

Deir siad go bhfuil stádas dátheangach na hollscoile ar cheann dá bpríomh thosaíochtaí agus go bhfuil "freagracht reachtúil i gceist le ról an Uachtaráin ceannasaíocht láidir a thabhairt chun go dtacófaí le gealltanas na hOllscoile maidir leis an teanga agus an cultúr araon a chur chun cinn."

Cuirfidh an tOllamh David J. Burn tús lena théarma 7 mbliana mar uachtarán i mí Mheán Fómhair.