Tá sé tugtha le fios ag an bhfear gnó Gareth Sheridan go bhfuil tacaíocht faighte aige dá ainmniú mar iarrthóir Uachtaránachta ó Chomhairle Contae Thiobraid Árann agus ó Chomhairle Contae Laoise.
Sheol Gareth Sheridan a réamhfheachtas toghchánaíochta i mBaile Átha Cliath inniu, áit a ndúirt sé go raibh sé dóchasach go bhfaigheadh sé tacaíocht ó údaráis áitiúla eile go luath.
Ní mór don té a dteastaíonn uaidh a bheith ina iarrthóir Uachtaránachta tacaíocht a fháil ó shé údarás áitiúla nó ó scór comhaltaí d'Oireachtas Éireann.
Tacaíonn an Seanadóir Sharon Keogan as Co na Mí le Gareth Sheridan.
Dúirt an Sirideánach inniu go mbeadh sé ag díriú ar cheist na tithíochta ina fheachtas toghchánaíochta, dá n-éireodh leis ainmniúchán a fháil.
35 bliain d'aois atá Gareth Sheridan agus is as Tír an Iúir i mBaile Átha Cliath é.
In 2011, agus é fós ina mhac léinn, bhunaigh sé an comhlacht Nutriband a bhí faoi rath ar feadh tamaill ach atá ag cailleadh airgid faoi láthair.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ