Maraíodh fear sna daichidí i dtimpiste bóthair a bhí i gCo Luimnigh ar maidin inniu.
Bhí an fear i gceann de dhá ghluaisteán a bhuail faoina chéile ar bhóthar an N20 i mBaile Uí Anragáin i gCromadh ag thart ar 7.25 ar maidin.
Maraíodh an fear ar an mball.
Gortaíodh go dona freisin bean sna tríochaidí de bharr an bhrúscáin.
Tá na Gardaí i Sráid Anraí i gcathair Luimnigh ag achainí ar aon duine a bhí ag tiomáint sa cheantar ag an am teacht chun cainte leo, go háirithe má tá íomhánna ó cheamara deaise acu.
Fágann an tionóisc is deireanaí gur 104 duine atá maraithe i dtubaistí bóthair sa Stát go nuige seo i mbliana, le hais 111 san achar céanna anuraidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ