Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Heather Humphreys á lua mar iarrthóir Uachtaránachta

15 LÚNASA 2025, 12:33

An t-iarAire Rialtais Heather Humphreys
X Facebook

Tuigtear go bhfuil an t-iarAire Rialtais Heather Humphreys ó Fhine Ghael ag cuimhneamh ar a hainm a chur chun cinn mar iarrthóir ar son an pháirtí sin sa toghchán Uachtaránachta a bheas ar siúl i mí na Samhna.

Tá Fine Gael chun iarrthóir nua a roghnú tar éis do Mhairéad McGuinness tarraingt amach as an toghchán inné ar chúinsí sláinte.

Tá comhairle feidhmiúcháin Fhine Gael le teacht le chéile as seo go ceann cúpla lá leis an gceist a chriathrú.

65 bliain d'aois atá Heather Humphreys agus is as an Droim in iarthar Chontae Mhuineacháin í.

D'éirigh sí as an bpolaitíocht anuraidh le go bhféadfadh sí, a dúirt sí, tuilleadh ama a chaitheamh lena teaghlach ach is cosúil go bhfuil sí ag déanamh athchomhairle ar an gcinneadh sin ó cuireadh an giorria ina shuí arís inné.

Tá an Teachta Dála Neamhspleách as Ciarraí, Michael Healy-Rae, tar éis moladh céadach a thabhairt do Heather Humphreys.

Mhaígh sé gur iarrthóir Uachtaránachta den chéad scoth a bheadh inti agus dúirt leis gur bean thar a bheith cumasach ab ea í.

Ina cheann sin, arsa sé, tharraingeodh sí tacaíocht ó dhaoine éagsúla thar dhaoine atá bainteach nó báúil le Fine Gael amháin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ