Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An file Gaeilge Derry O'Sullivan tar éis bháis sa Fhrainc

18 LÚNASA 2025, 07:53

Derry O'Sullivan (Pic: Le caoinchead Thogra Phortráidí na Scríbhneoirí Gaeilge)
X Facebook

Tá an file Gaeilge as iarthar Chorcaí ó dhúchas, Derry O'Sullivan, tar éis bháis i bPáras, mar a raibh sé ina chónaí le leathchéad bliain. Bhí sé 81 bliain d'aois.

Ceithre leabhar filíochta Gaeilge a d'fhoilsigh Derry O'Sullivan, an chéad cheann díobh Cá bhfuil do Iúdás? (1987), teaglaim a ghnóthaigh ceithre dhuais Oireachtais agus Duais Chuimhneacháin Sheáin Uí Ríordáin.

Tháinig óna pheann ina dhiaidh sin Cá bhfuil Tiarna Talún l'Univers? (1994); An Lá go dTáinig Siad (2005) – dán fada faoi theacht na Naitsithe go Páras i 1940; agus An bhfuil cead agam dul amach, más é do thoil é? (2009).

I bhFraincis a scríobh sé na dánta a foilsíodh sa chnuasach En Mal de Fleurs (1988), agus ba é ba thúisce a d’aistrigh go Fraincis an dán ón 10ú céad An Chailleach Bhéarra, i gcomhar le Jean-Yves Bériou agus Martine Joulia.

Aistriúchán a rinne Kaarina Hollo ar dhán an tSúilleabhánaigh Marbhghin 1943: Glaoch ar Liombó, bhuaigh sé Duais Stephen Spender (Times Londan) in 2012.

Rugadh Derry O'Sullivan i mBeanntraí in iarthar Chorcaí i 1944. Bhain sé céim amach sa Léann Clasaiceach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus chaith sé roinnt blianta ina mhanach in Ord na gCaipisíneach.

Oirníodh ina shagart é i 1969 agus cuireadh é go Páras. Cé ea, d'éirigh sé as tsagartacht an bhliain dar gcionn.

Mhúin sé Béarla sa Sorbonne, san Institut Catholique de Paris agus san Institut Supérieur d’Electronique de Paris.

Scrúdaitheoir sinsearach de chuid an Baccalauréat Idirnáisiúnta ab ea é leis.

Bhí Derry O'Sullivan rannpháirteach i dtionscadail éagsúla sa Fhrainc agus chuidigh sé leis an Festival Franco-Anglais de Poésie a bhunú.

Bhásaigh roimhe a bhean chéile Jean agus maireann agus a mhac Dekin agus a iníonacha Isolde agus Derval.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ