Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Iosrael ag cur Phalaistínigh Gaza i ngorta d'aon turas'

18 LÚNASA 2025, 10:37

Uisce á thabhairt abhaile ag malrach Palaistíneach, Khan Younis, Gaza, 18 Lúnasa 2025
X Facebook

Tá Iosrael ag cur mhuintir Gaza i ngorta d'aon turas, a deir an eagraíocht cearta daonna Amnesty International.

I dtuairisc nua ó Amnesty, deirtear go bhfuil beatha agus sláinte na bPalaistíneach, agus pé ord sóisialta atá fanta in Gaza, go bhfuil siad á scriosadh le rún mioscaise ag na hIosraelaigh.

Go deimhin, is cinedhíothú córasach atá Iosrael a dhéanamh ar na Palaistínigh, dar le Amnesty.

Tá bac á chur ag na hIosraelaigh ar sholáthairtí fóirithinte a thabhairt isteach in Gaza, seachas an corrdhíol dreoilín amhail is dá mbeidís ag cleithmhagadh faoi na hainniseoirí.

Tuairiscítear gur mharaigh fórsaí míleata Iosrael os cionn trí scór Palaistíneach in Gaza inné, 37 díobh ag dhá 'ionad dáilte bia' a bhunaigh na hIosraelaigh féin.

Áirítear ballaíocht ar 1,500 Palaistíneach a bheith maraithe ag na hIosraelaigh ag ionaid mar iad ó bunaíodh iad trí mhí ó shin.

Creideann eagraíochtaí carthanachta fearacht Médecins Sans Frontières gur gaiste báis atá curtha d'aon ghnó ag na hIosraelaigh is ea na hionaid sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ