Tá fear sna seascaidí gafa ag na Gardaí i dtaca le tubaiste bóthair a bhí i gCo Mhaigh Eo inné inar gortaíodh go han-dona fear sna caogaidí.
Gortaíodh an fear nuair a bhuail an gluaisrothar a bhí sé a mharcaíocht agus gluaisteán faoina chéile ar Bhóthar Chaisleán an Bharraigh i mBaile Uí Fhiacháin ag thart ar 4.50 tráthnóna inné.
Cuireadh cóir leighis ar an bhfear ar an mball agus tugadh é ina dhiaidh sin go hOspidéal Ollscoile Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh, áit a bhfuil sé an-dona tinn.
Ghabh na Gardaí an fear eile níos deireanaí tráthnóna inné.
Tá na Gardaí i gCathair na Mart ag achainí ar aon duine a mbeadh aon eolas acu ar an tubaiste teacht chun cainte leo, go háirithe tiománaithe a bhí sa cheantar ag an am agus a mbeadh íomhánna ó cheamara deaise acu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ