Tá sé deimhithe ag iar-Phríomhoifigeach Leighis an Stáit, an Dr Tony Holohan, nach mbeidh sé ina iarrthóir sa toghchán Uachtaránachta mar gheall ar an deisiú teanga a deir sé a chreideann sé a gheobhadh a theaghlach dá gcuirfeadh sé a ainm chun chun.
Údar imní is ea an íde a thugtar do dhaoine ar na saolta seo, ar gnás é anois a bhfuil glactha leis, dar leis.
Thug Tony Holohan le fios gur mhol daoine ar fud na tíre dó a ainm chur chun cinn don toghchán Uachtaránachta a bheas ar siúl i mí na Samhna.
Rinne sé a mharana ar an gceist ach shocraigh sé ar deireadh gan dul san fhiontar, arsa sé, tar éis dó dul i gcomhairle le cairde, comhghleacaithe, daoine a chuaigh san iomaíocht cheana, polaiteoirí seanchríonna agus – thar aon dream eile – a bhean chéile agus a chlann.
Ní bheadh sé inrásta aige, a dúirt sé, a theaghlach a chur i mbearna an bhaoil i saol seo na spídiúlachta poiblí go léir.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ