Tá foláireamh buí aimsire eisithe ag Met Éireann maidir leis an stoirm atá geallta amárach agus arú amárach a bhfuil Stoirm Amy baiste uirthi.
Ar aghaidh na stoirme amárach, beidh an Cabhán, Dún na nGall, an Longfort, Cúige Chonnacht uile agus Cúige Mumhan uile.
Tiocfaidh feidhm leis an bhfógra buí sna háiteanna sin ag 6 a chlog ar maidin amárach agus tiocfaidh deireadh leis ag 8 a chlog tráthnóna amárach.
An lá dar gcionn, beidh an tír uile buailte ag an ngaoth mhór aniar aneas agus ag an mbáisteach throm.
Deir na meitéareolaithe gur dóichí go mbeidh fuarlaigh in áiteanna agus go leagfar crainn mar gheall ar an anfa.
Beidh ábhar eile agus struchtúir éagsúla i gcruth tabhairt uathu freisin agus comhairlítear don phobal a bheith fíorchúramach nó go mbeidh an chuid is measa den stoirm caite.
Tá fógra buí eisithe chomh maith ag meitéareolaithe sa Tuaisceart a mbeidh feidhm leis i ngach ceann de na sé chontae idir 4 a chlog tráthnóna Dé hAoine agus 6 a chlog ar maidin Dé Sathairn.
Tá Met Éireann den bharúil faoi láthair go leanfaidh an deardan go gceann cúpla lá eile ina dhiaidh sin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ