Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Foláireamh flannbhuí gaoithe fógartha i gcúig chontae

02 DEIREADH FÓMHAR 2025, 17:38

Stoirm Amy ag teacht aniar as an Atlantach agus í lena dícheall a dhéanamh amárach
X Facebook

Tá foláireamh flannbhuí gaoithe eisithe ag Met Éireann i gcúig chontae san iarthar agus san iarthuaisceart.

Is iad na contaetha atá i gceist Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach, Liatroim agus Dún na nGall.

Tiocfaidh feidhm leis an bhfógra rabhaidh ag 2 a chlog tráthnóna amárach agus tiocfaidh deireadh leis ag 10 a chlog oíche amárach.

Thug na meitéareolaithe le fios go mb'fhéidir go ngearrfaí an chumhacht agus go leagfaí crainn sna háiteanna sin mar gheall ar an ngaoth mhór.

Tá foláireamh flannbhuí fearthainne i bhfeidhm cheana féin i gCiarraí agus meastar go mbeidh fuarlaigh in áiteanna sa chontae sin.

Déanfaidh sé lá léidearnaí sa chuid eile den tír ach is gairbhe agus is fliche fós a bheas an aimsir amárach nuair a thiocfas Stoirm Amy aniar as an Atlantach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ