Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Toghchán Uachtaránachta: triúr iarrthóirí siúlach sirtheach

03 DEIREADH FÓMHAR 2025, 13:47

Heather Humphreys, Jim Gavin agus Catherine Connolly
X Facebook

Siúlach sirtheach atá an triúr iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta inniu, is é sin ag sireadh vótaí ar an bpobal in áiteanna éagsúla sa tír.

Is i gCill Chainnigh agus i gCill Dara a bheas iarrthóir Fhianna Fáil Jim Gavin; iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys, beidh sí i mBaile Átha Luain, sa Longfort agus i nGaillimh; agus is i gCorcaigh a bheas iarrthóir na heite clé Catherine Connolly.

Sular thug sí sciuird ar Bhaile Bhuirne, dúirt Catherine Connolly go gcuirfeadh sí an Ghaeilge chun cinn dá dtoghfaí mar Uachtarán na hÉireann í.

Sheasfadh sí "ar son cearta teanga, ar son na Gaeltachta agus ar son na Gaeilge mar theanga bheo ar fud na hÉireann", arsa sí mar Catherine Connolly.

Tarraingíodh conspóidí éagsúla le cúpla lá i leith Catherine Connolly agus Jim Gavin araon, ach is ar chrann Heather Humphreys a bhí sé inniu.

Is é an t-iarAire Iompair Shane Ross foinse na conspóide a bhaineann leis an seal a chaith Heather Humphreys sa Chomhaireacht agus leis an dearcadh a bhí aici ar pholasaí an Rialtais maidir le daoine a bhíonn ag tiomáint faoi thionchar an óil.

Dar le Shane Ross gur chuir Heather Humphreys glan in aghaidh pholasaí an Rialtais a gceadúnas tiomána a bhaint de na daoine sin ar an bpointe agus gan cheist, cé gur vótáil sí ina fhabhar ar deireadh.

Mar le Jim Gavin, agus é ar cuairt ar ionad do dhaoine faoi mhíchumas intleachta i gCill Chainnigh ar maidin, dúirt sé go raibh sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do gach dream sa tír agus don obair a dhéanann siad, daoine faoi mhíchumas, a muintreacha agus a gcúramóirí san áireamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ