Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

Éireannaigh scaoilte as géibheann ag Iosrael

06 DEIREADH FÓMHAR 2025, 13:18

Ceann de bháid an Sumud sular gabhadh an 450 duine a bhí ag iarraidh a theacht i gcabhair ar Mhuintir Gaza.
X Facebook

Tá na hÉireannaigh ar fad a gabhadh an tseachtain seo caite agus iad ar muir ar a mbealach go Gaza scaoilte saor inniu ag Iosrael agus tá iad ar a mbealach abhaile, tá sé deimhnithe ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Tá siad le cur ar eitleán go luath a thabharfaidh go dtí an Ghréig iad, agus as sin beidh siad ag filleadh abhaile.

Deir lucht eagraithe Chabhlach an Sumud - atá ag iarraidh imshuí mara Iosrael a shárú agus seoladh go Gaza agus bia agus ábhar fóirithinte ar bord acu, le teann muintearais leis na Palaistínigh - gur 15 saoránach de chuid na hÉireann atá scaoilte saor tráthnóna.

Dúirt an Tánaiste Simon Harris ar ball beag go bhfuil "toradh ar dhian-obair" fheidhmeannaigh de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus de chuid Ambasáid na hÉireann i Tel Aviv i gcomhar le páirtnéirí idirnáisiúnta.

Tá Cabhlach eile Muintearais ar muir faoi láthair, agus tuilleadh de chuid na hÉireann ar bord - tuairim is seachtar Éireannach ar 12 bád - agus deir an Tánaiste go bhfuil sé féin agus a chuid feidhmeannaigh ag coinneáil súil ghéar ar chúrsaí.

Mhol sé cur chuige agus neart aigne na ndaoine atá i gceist agus dúirt sé go seasfadh siad le saoránaigh, mar atá iarrtha orthu ag a muintir.

450 duine san iomlán a bhí ar na soithigh i gCabhlach an Sumud a gabhadh an tseachtain seo caite.

A view of Ktzi'ot Prison in Negev desert, south-west of Beersheba, Israel
Príosún Ktzi'ot

Coinníodh a bhformhór - 15 Éireannach ina measc - i ngéibheann i bpríosún Ktzi'ot, i nGaineamhlach Negev gar den teorainn leis an Éigipt.

Deir lucht dlí atá i mbun ionadaíochta orthu ón ngrúpa dlíodóirí Adalah gur fhulaing a bhformhór íde agus mí-úsáid agus imeaglú agus iad gafa ag Fórsaí Iosrael.

Is beag bia a tugadh dóibh a deirtear, agus bhí easpa uisce glan freisin ann do na príosúnaigh.

Deimhníodh go h-oifigiúil agus go h-údarásach an mhí seo caite i dtuairisc ón Aicmiú Cinnteacht Bia (an IPC) go bhfuil gorta anois i nGaza agus go bhfuil daoine ag fáil bháis leis an ocras, gorta atá spreagtha in aon turas de bharr pholasaithe an Rialtais in Iosrael.

Tá Coimisiún Neamspleach de chuid na Náisiún Aontaithe tar éis a thabhairt le fios freisin go raibh agus go bhfuil cinedhíothú ar bun ar Phalaistínigh i nGaza.

' />