Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Tús suntasach ag Connolly ar Humphreys' – pobalbhreith

16 DEIREADH FÓMHAR 2025, 10:02

Iarrthóirí Uachtaránachta: Catherine Connolly agus Heather Humphreys
X Facebook

Tá iarrthóir na heite clé sa toghchán Uachtaránachta Catherine Connolly go mór chun tosaigh ar iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys, de réir na pobalbhreithe is deireanaí.

Sciar 38% den vóta atá ag Catherine Connolly i gcomparáid leis an 20% atá ag Heather Humphreys, de réir phobalbhreith an Irish Times Ipsos B&A.

Dúirt 18% den 1,200 duine a ghlac páirt sa phobalbhreith nach raibh sé socair ina n-intinn acu fós cad a dhéanfaidís lá an toghcháin seachtain ó amárach.

Thug 12% le fios nach gcaithfidís aon vóta agus dúirt 6% go raibh sé i gceist acu a vóta a mhilleadh.

Dúirt 5% go raibh rún acu vótáil ar son Jim Gavin, iariarrthóir Fhianna Fáil a mbeidh a ainm ar an bpáipéar balóide i gcónaí in ainneoin gur tharraing sé amach as an toghchán aon lá dhéag ó shin.

Idir an Domhnach agus an Mháirt seo caite a rinneadh an phobalbhreith.

Lamháil earráide de ±2.8% atá sa phobalbhreith, a deirtear.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ