Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Iamáice le tuargaint ag Spéirling Melissa inniu

28 DEIREADH FÓMHAR 2025, 12:22

I mbaol a bháite tá Port Royal, tambaló, nó oitir ghainimh, i mbéal Chuan Kingston, príomhchathair Iamáice
X Facebook

Measann an Eagraíocht Dhomhanda Mheitéareolaíochta go ndéanfaidh Spéirling Melissa scrios millteanach in Iamáice nuair a bhuailfeas sí an tír sin inniu.

Beidh luas suas le 300 ciliméadar san uair faoin ollghála in amanna, agus tá idir mhaidhmeanna tuile agus sciorrthaí talún geallta ar fud na tíre.

Deirtear gur sa dallcairt uisce is mó atá an chontúirt, thar neart na gaoithe féin.

Ceaptar go mbeidh tuairim is 1.5 milliún duine in Iamáice thíos leis, sin os cionn leath an daonra, agus táthar ag comhairliú do dhaoine dul ar foscadh in ionad dídine nó ar thalamh ard go dtí go mbeidh an hairicín imithe thar an tír.

Tá Melissa ag déanamh a bealaigh go mall trí réigiún na Cairibe agus tar éis di Iamáice a thuargaint inniu tabharfaidh sí aghaidh ar oirthear Chúba amárach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ