Tá an fear a bhásaigh tar éis ionsaí a rinneadh air i mbaile Chill Dara aimnithe go háitiúil.
Sin é Ryan Gibbons, sna ficheadaí, a fuarthas gan aithne gan urlabhra ar Ardán Mhic Aoidh ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath thar ar 03:15 maidin Dé Domhnaigh.
Tugadh chuid Ospidéal Ginearálta Nás na Ríogh mar a bhfuair sé bás inné.
Táthar ag súíl le scrúdú iarbháis a dhéanamh ar a chorp go luath.
Deir Gardaí go dtreoireoidh torthaí an scrúduithe iarbháis cúrsa an fhiosrúcháin.
Tá Gardaí ag lorg finnéithe agus ag iarraidh ar aon duine a bhí sa cheantar idir 2 agus 4am Dé Domhnaigh dul i dteagmháil leo.
Is féidir sin a dhéanamh ach glaoch ar stáisiún Chill Dara ar 045 527730, líne rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666 111 nó ar aon stáisún eile Garda.


