Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

12 bliain gearrtha ar cheannasaí coirpeach

03 SAMHAIN 2025, 16:49

Mark McCourt
X Facebook

Sa Chúirt Bhreithiúnais Choiriúil i mBaile Átha Cliath inniu gearradh 12 bliain de théarma príosúnachta ar cheannasaí ghrúpa coirpeach as a bheith ag soláthar buamai peitril,airm agus armlóin do bhuíonta coirpeach eile.

Dúradh sa chúirt go raibh margaí ag Mark McCourt (34) a bhfuil seoladh aige san Iúr,Co.an Dúin chaon taobh den teorainn.

Phléadáil sé ciontach maidir le 6 chúis bainteach le bheith ag cabhrú le eagraíocht coiriúlachta ábhair phléascach, airmthine agus armlóin a importáil isteach sa Stát idir 10 Feabhra 2023 agus 19 Iúil 2024.

B'amhlaidh a cheannaigh fear a raibh saorántacht de chuid na Stát Aontaithe aige an lear airm i Stát Nevada i Meiriceá.

Smugláileadh isteach chun na tíre seo ansin iad i bpáirteanna beaga agus cuireadh le chéile in athuair anseo iad.