Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

52 duine ón tSeoirsia díbeartha as Éirinn

04 SAMHAIN 2025, 10:17

D'imigh an t-eitleán as Aerfort Bhaile Átha Cliath ag thart ar 7 a chlog tráthnona inné
X Facebook

Díbríodh as an tír seo inné 52 duine ón tSeoirsia, lenar áiríodh seachtar páistí.

35 fear agus deichniúr ban a bhí sa chuid eile agus cuireadh iad ar fad ar ais chun na Seoirsia ar chairteitleán.

D'fhág an t-eitleán Aerfort Bhaile Átha Cliath ag thart ar 7 a chlog tráthnona inné agus thuirling sí i bpríomhchathair na Seoirsia, Tbilisi, ag 2.30 ar maidin am na hÉireann.

Bhí Gardaí, foireann leighis, ateangaire agus breathnóir cearta daonna ar an eitleán chomh maith.

Ó thús 2025, díbríodh as an Stát 351 duine ó thíortha éagsúla ar chairteitleáin agus ar eitleáin thráchtála araon.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan gur eisíodh 3,870 ordú díbeartha go dtí seo i mbliana.

Dúirt sé freisin nach foláir a rá go bhfuil formhór na ndaoine ón tSeoirsia atá ina gcónaí in Éirinn, go bhfuil siad ina gcónaí anseo go dleathach.

Ina cheann sin, arsa Jim O'Callagan, ní foláir go bhfuil fáilte roimh na daoine sin agus dúirt go gcuireann siad go mór leis an ngeilleagar agus leis an tsochaí trí chéile.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ