Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ionsaí déanta ar cheannáras Allianz i mBaile Átha Cliath

04 SAMHAIN 2025, 13:13

Briseadh fuinneoga agus spraeáladh graifítí ar oifigí Allianz i mBaile Átha Cliath
X Facebook

Rinneadh ionsaí ar cheannáras an chomhlachta idirnáisiúnta árachais Alllianz i mBaile Átha Cliath aréir.

Briseadh fuinneoga agus spraeáladh graifítí ar an bhfoirgneamh i bPáirc na Leamhán i ndeisceart Bhaile Átha Cliath nuair a thug grúpa daoine séirse faoin áit go gairid roimh 3 a chlog ar maidin.

I ráiteas, dúirt Allianz go raibh púicíní agus éadaí comhraic ar an ngrúpa, agus gur bhris siad fuinneoga agus doirse le hacraí éagsúla agus iad féachaint le dul isteach san fhoirgneamh.

Dúradh go raibh fostaithe de chuid an chomhlachta agus conraitheoirí sna hoifigí ag an am agus go ndeachaigh siad ar foscadh in áit shábháilte san fhoirgneamh le linn an ionsaithe.

Tuairiscítear go bhfuil sé ráite ag grúpa gnímh ar son na Palaistíne gurb iad a bhí freagrach as an ionsaí agus gurb é an bhaint atá ag Allianz le comhlacht déantúsaíochta arm in Iosrael ba chúis leis.

Rinneadh ionsaithe ar oifigí Allianz i dtíortha eile ar fud na hEorpa inné chomh maith.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ