Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Garda gafa faoi lear drugaí atá ar iarraidh

19 SAMHAIN 2025, 19:23

Baineann an scéal le luach €100,000 de dhrugaí a fuair na Gardaí anuraidh
X Facebook

Tá comhalta den Gharda Síochána gafa ag Gardaí a bhfuil fiosrúchán ar bun acu faoi lear mór drugaí atá ar iarraidh ó stásiún Gardaí in oirthear na tíre.

Baineann an scéal le luach €100,000 de dhrugaí a fuair na Gardaí anuraidh.

Agus fear á cheistiú acu faoi na drugaí, áfach, fuair siad amach go raibh siad ar iarraidh.

Chuathas sa tóir ar na drugaí ach ní bhfuarthas iad riamh.

Gabhadh an comhalta den Gharda Síochána ar maidin inniu agus tá sé á cheistiú faoi reachtaíocht a bhaineann le coireacht eagraithe.

Tuigtear gur ar dhronga coirpeach in oirthear agus in oirdheisceart na tíre atá fiosrúchán na nGardaí dírithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ