Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Tús curtha ag Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt lena chúram úr

20 SAMHAIN 2025, 10:29

Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt, Pól Deeds
X Facebook

Chuir Pól Deeds tús ar maidin inniu lena chuid oibre mar chéad Choimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt trí seachtaine tar éis d'Fheidhmeannas Stormont é a cheapadh sa phost.

Is faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga a ritheadh i bparlaimint Westminster i mí na Nollag 2022 a bunaíodh Oifig an Choimisinéara Gaeilge.

Is toradh é an t-acht sin ar an gcomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua ar ghlac Feidhmeannas Stormont leis beagnach trí bliana roimhe sin.

Tá cleachtadh maith ag Pól Deeds ar chúrsaí riaracháin in earnáil na Gaeilge ós Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge a bhí ann roimhe seo.

Beidh sé de chúram ar an gCoimisinéir nua treoir a thabhairt do thart ar 100 foras poiblí ó thuaidh maidir le cur chun cinn na Gaeilge "de réir caighdeáin dea-chleachtais".

Cuirfidh sé comhairle ar na forais sin, údaráis áitiúla san áireamh, maidir le cumarsáid, soláthar seirbhísí, comharthaíocht, comhfhreagras, agus oiliúint foirne.

Is é an Coimisinéir féin a dhreachtós na caighdeáin dea-chleachtais sin ach is faoin gCéad-Aire agus faoin LeasChéad-Aire araon a bheas sé iad a cheadú.

Sa chás nach mbeidh an bheirt Airí sin ar aon aigne maidir leis na caighdeáin teanga sin, nó sa chás nach bhfuil Feidhmeannas Strormont ann, is faoi Rúnaí Stáit an Tuaiscirt a bheas sé na caighdeáin teanga a cheadú.

Tá an Coimisinéir Ultaise, Lee Reynolds, ag cur tús lena chuid oibre féin inniu freisin agus é de chúram airsean féiniúacht Bhriotanach an phobail aontachtaigh a chur chun cinn.

Iarchomhairleoir leis an DUP is ea Lee Reynolds.

DUP advisor Lee Reynolds will fill the office of Commissioner of Ulster Scots and Ulster British Identity
Lee Reynolds

Tá fáilte curtha ag eagraíochtaí Gaeilge roimh cheapachán an Choimisinéara Gaeilge.

I ráiteas, dúirt Conradh na Gaeilge nár mhór a thuiscint go bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisinéir nua as féin comhairle, tacaíocht agus treoir a thabhairt d'fhorais phoiblí maidir le cúrsaí Gaeilge agus nach gá dó dul i gcomhairle an Chéad-Aire ná an LeasChéad-Aire chomh fada agus a bhaineann sé leis an bhfeidhm áirithe sin.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, cé go bhfuil "laigí soiléire" sa dlí ó thuaidh maidir leis an nGaeilge gur "clochmhíle shuntasach í" ceapachán an Choimisinéara nua.

"[T]á muid ag súil leis go mbeidh an Coimisinéir ábalta comhairle agus treoir a thabhairt d'aon údarás poiblí a bhfuil sé a leithéid de dhíth orthu, bíodh sin ar an Roinn Bonneagair ar cheist na comharthaíochta dátheangaí, ar Ollscoil na Banríona atá ag fanacht leis an chomhairle sin le fada an lá, nó le haon údarás poiblí atá ag plé le soláthar Gaeilge ... ," arsa Mac Mac Giolla Bhéin.

£88,268 sa bhliain a íocfar leis na Coimisinéirí nua. Téarma fostaíochta cúig bliana atá i gceist a mbeidh cead é a athnuachan uair amháin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ