Dealraíonn sé nach mó ná sásta atá an tAontas Eorpach leis an bplean síochána faoin gcogadh san Úcráin a deirtear atá dréachtaithe ag na Stáit Aontaithe.
Tuairiscítear go moltar sa phlean síochána go ngéillfeadh an Úcráin tuilleadh talaimh don Rúis agus go ndéanfadh fórsaí míleata na hÚcráine dí-armáil áirithe.
Is cosúil go bhfuil na Stáit Aontaithe ag tathant ar Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky glacadh leis an dá choinníoll sin cé gur dhiúltaigh sé iad cheana.
Dhiultaigh comhghuaillí na hÚcráine san Eoraip moltaí mar iad cheana freisin.
Tá Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh tagtha le chéile sa Bhruiséil inniu, agus in ainneoin nach mórán atá le rá acu faoi láthair thug siad le tuiscint nach bhfuil siad róthógtha le plean síochána na Meiriceánach.
Kaja Kallas, ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh, ní dúirt sí ach nár mhór go mbeadh glacadh ag an Úcráin féin agus ag tíortha na hEorpa araon le pé plean síochána a chuirfí i bhfeidhm.
Thacaigh Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann, Helen McEntee, le rá sin Kaja Kallas.
Ar a shon sin, tá an Úcráin i dteannta ceart faoi láthair agus rudaí éagsúla ag dul chun dochair don tír go míleata agus go polaitiúil.
Tá saighdiúirí Úcránacha ag cúlú i mbrollach an chatha in oirthear na tíre; tá na Rúisigh ag tuairgneáil réigiúin éagsúla den tír go rialta le diúracáin agus le dróin; agus tá an chaimiléireacht i rialtas agus i maorlathas na tíre ag baint de dhlúthpháirtíocht an phobail. É sin ar fad agus aimsir ribeach an gheimhridh buailte leo chomh maith.
Maraíodh 26 duine ar a laghad agus gortaíodh na scórtha in ionsaí a rinne na Rúisigh ar bhloc árasán i gcathair Ternopil in iarthar na hÚcráine arú aréir.
Tá 22 duine eile ar iarraidh agus ceaptar go bhfuil siad sáinnithe faoin smionagar.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


