Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Píolóta maraithe i dtionóisc eitleáin i bPort Láirge

20 SAMHAIN 2025, 18:37

Tharla an tionóisc gar d'Aerfort Phort Láirge ag thart ar am lóin
X Facebook

Maraíodh duine amháin nuair a thuairt eitleán beag príobháideach i bpáirc gar d'Aerfort Phort Láirge go gairid roimh am lóin inniu.

Eitleán dé-inneallach Vulcanair P68C a bhí inti gan ar bord ach an píolóta.

Is i Lios Fhaoláin siar ó dheas ó Aerfort Phort Láirge a tharla an tionóisc.

Bhí an t-eitleán ar a bealach as Sligeach go Béziers i ndeisceart na Fraince.

Tuigtear gur bhain míthapa don árthach amach ó chósta theas na hÉireann agus go raibh an píolóta ag féachaint le tuirlingt in Aerfort Phort Láirge nuair a tharla an tubaiste.

Tá fiosrúchán ar bun faoinar tharla ag an Aonad um Imscrúdú Aerthionóiscí i gcomhar leis na seirbhísí éigeandala agus ag Údarás Eitlíochta na hÉireann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ