San Ard-Chúirt, ceadaíodh damáistí de bhreis agus €400,000 an duine do bheirt dlíodóirí cearta daonna a thug cás clúmhillte in aghaidh an fhir ghnó cháiliúil Denis O'Brien agus a urlabhraí James Morrissey.
Baineann an scéal le preasráiteas a d'eisigh James Morrissey naoi mbliana ó shin maidir le tuarascáil faoi úinéireacht na meán cumarsáide in Éirinn a bhí scríofa ag an mbeirt dlíodóirí, Darragh Mackin agus Gavin Booth ón gcomhlacht Phoenix Law i mBéal Feirste.
Ba í an Feisire Eorpach ó Shinn Féin Lynn Boylan a choimisiúnaigh an tuarascáil.
Sa phreasráiteas a d'eisigh sé thar ceann Denis O'Brien i mí Dheireadh Fómhair 2016, dúirt James Morrissey "gur léir go bhfuair Sinn Féin/IRA an tuarascáil ar íoc siad as".
Mhaígh Darragh Mackin agus Gavin Booth gur thug an ráiteas sin le fios go bhfuair siad íocaíocht ón IRA agus go mb'ionann sin agus a rá go raibh siad mímhacánta, míphroifisiúnta agus mí-ionraic, agus nár chóir dóibh a bheith fostaithe mar dhlíodórí.
Chaith an giúiré dhá uair an chloig agus fiche nóiméad ag cíoradh an cháis agus chinn siad ar deireadh go raibh sé curtha i leith Darragh Mackin agus Gavin Booth ag James Morrissey gur ghníomhaigh siad ar son eagraíocht mhídhleathach, mar atá, an tIRA.
Cheadaigh an giúiré damáistí de €411,750 an duine don bheirt dlíodóirí idir dhamáistí ginearálta agus thromdhamáistí.
Ceadaíodh costais na beirte freisin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


