Adhlachadh inniu beirt den chúigear a maraíodh i dtionóisc bhóthair i mBaile Ghib i gCo Lú oiche Dé Sathairn seo caite. Daoine óga sna fichidí a bhí sa chúigear.
Bhí Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly i measc na sochraideach a bhí ag Aifreann Éagnairce Alan McCluskey i Séipéal Naomh Peadar agus Naomh Pól i nDroim Conrach i gCo na Mí ar maidin.
23 bliain d'aois a bhí Alan agus bhí sé ag obair mar chonraitheoir fál i réigiún an oirthuaiscirt.
Bhí sé an-ghníomhach sa phobal áitiúil freisin agus rinne scuaine tarracóirí garda onóra sa sráidbhaile agus an t-eileatram ag tarraingt ar an séipéal.
Baill de CLG Dhroim Conrach agus daoine ó scoil áitiúil, thionlaic siad an t-eileatram an chuid eile den bhealach agus rinne siad féin garda onóra agus an chónra á tabhairt isteach sa séipéal.
Ina aitheasc, dúirt an sagart paróiste an tAthair Finian Connaughton go raibh daoine chomh suaite ag an tragóid nár fhéad siad friotal chur ar a mbrón.
Cuireadh Alan McCluskey i Reilig Dhroim Conrach i ndiaidh an Aifrinn.
Bhí páirtí Alan, Chloe McGee, ar dhuine den cheathrar eile a maraíodh sa tubaiste.
23 bliain d'aois a bhí Chloe, múinteoir adhmadóireachta agus tógála i gColáiste Uí Fhiaich i nDún Dealgan.
Adhlcafar ise i gCarraig Mhachaire Rois i gCo Mhuineacháin amárach.
I mBaile Átha Fhirdia i gCo Lú tráthnóna, adhlacadh Dylan Commins, meicneoir a bhí ar chomhaois le Alan agus Chloe.
Bhí Dylan agus Alan mór le chéile ó bhí siad ina leanaí.
Is i Séipéal Bhreith Mhuire a léadh an tAifreann Éagnairce, áit a ndúirt a dheirfiúr Lauren gur gluaisteáin ab ansa le Dylan thar aon ní eile sa saol.
Dúirt sí go raibh deich mí caite ag Dylan san Astráil agus gur tháinig sé abhaile lena ghnó iompair agus aistrithe carranna féin a bhunú, rud a rinne sé sular bhásaigh sé.
I ndiaidh an Aifrinn, cuireadh Dylan i Seanreilig Mhuire i mBaile Átha Fhirdia.
Is iad Shay Duffy agus Chloe Hipson an bheirt eile a maraíodh sa tionóisc bhóthair agus tá siad le cur i gcré na cille i gCarraig Mhachaire Rois i gCo Mhuineacháin amárach.
21 bliain d'aois a bhí an bheirt.
Pluiméir láncháilithe ab ea Shay agus mac léinn suirbhéireachta cainníochta in Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan ab ea Chloe, ar de bhunadh na hAlban í.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


