Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, phléadáil fear 32 bliain d'aois ciontach i mbaint a bheith aige le páirteanna de chorp an déagóra Keane Mulready-Woods a iompar agus a fholú.
Dúnmharaíodh Keane Mulready-Woods i dteach i nDroichead Átha i gCo Lú i mí Eanáir 2020, gearradh a chorp ina phíosaí sa teach céanna agus fágadh na píosaí in áiteanna éagsúla i gCo Lú agus i mBaile Átha Cliath.
Seacht mbliana déag d'aois a bhí Keane Mulready-Woods a bhfacthas é ina bheatha go deireanach ar an 12 Eanáir 2020.
Is é an té a bhí os comhair na cúirte inniu Glen Bride as Páirc Chnocán na hOlóige i gCill Bharróg i mBaile Átha Cliath.
D'admhaigh sé gur iompair sé agus gur fholaigh sé páirteannna den chorp ar an 15 Eanáir 2020 le rún bac a chur ar na Gardaí duine eile a ghabháil, is é sin an duine a rinne an marú.
Cuireadh Glen Bride siar faoi choinneáil agus gearrfar pianbhreith air ar an 26 Eanáir an bhliain seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


