Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Corp fir faighte, bean gortaithe go dona i gCo Chill Dara

24 SAMHAIN 2025, 18:49

Fuair tumadóirí an Gharda Síochána corp an fhir i dtaiscumar ar maidin inniu
X Facebook

Fuarthas corp fir i dtaiscumar i Léim an Bhradáin i gCo Chill Dara go moch ar maidin inniu tar éis do bhean sna caogaidí a bheith gortaithe go dona i dteach ar an mbaile sin.

Tharla dóiteán sa teach agus tugadh an bhean go dtí Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir, áit a bhfuil sí go dona tinn.

Fuair tumadóirí an Gharda Síochána corp an fhir sa taiscumar ag thart ar 6 a chlog ar maidin.

Sna caogaidí a bhí an fear.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ