Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

€24.3 billiún le hinfheistiú i mbonneagar iompair an Stáit

26 SAMHAIN 2025, 19:02

Tús le cur leis an obair thógála ar Iarnród an Iarthair
X Facebook

Tá sé fógartha ag an Rialtas go n-infheisteofar €24.3 billiún i mbonneagar iompair an Stáit as seo go ceann ceithre bliana mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta.

Is ar iompar poiblí a chaithfear os cionn €10 mbilliún den mhéid sin.

Iarnród éadrom i gcathair Chorcaí a fhorbairt, cur leis an tseirbhís DART i réigiún Bhaile Átha Cliath agus traenacha nua DART a cheannach, tá siad i measc na dtograí is suntasaí a dtabharfar tús áite dóibh sa phlean.

Cuirfear tús freisin leis an obair thógála ar Iarnród an Iarthair idir Baile Átha an Rí i gCo na Gaillimhe agus Clár Chlainne Mhuiris i gCo Mhaigh Eo.

Ceannófar tuilleadh busanna leictreacha agus bunófar tuilleadh bealaí le haghaidh busanna amháin i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh.

Infheisteofar €9.7 billiún i líonra bóthar an Stáit – idir bhóithre náisiúnta, bhóithre réigiúnacha agus sheachbhóithre, lena n-áirítear Seachbhóthar Bhaile Sláine i gCo na Mí, Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe agus bóthar an N17 idir Cnoc Mhuire i gCo Mhaigh Eo agus Cúil Mhuine i gCo Shligigh.

Mar chuid den infheistíocht sin, cuirfear tuilleadh pointí luchtaithe ar fáil le haghaidh feithiclí leictreacha.

€1.8 billiún a infheisteofar i slite siúil agus raonta rothar agus é mar aidhm 1,000 ciliméadar breise a bheith curtha ar fáil ar fud an Stáit faoi 2030.

€44.6 milliún a chaithfear ar aerfoirt réigiúnacha agus cuirfear €145 milliún ar fáil do Gharda Cósta na hÉireann agus do Choimisinéirí Soilse na hÉireann, a gcaithfidh an eagraíocht dhéanach sin cuid den airgead ar shoitheach nua le teacht in áit an Granuaile.

Nuacht agus Cúrsai Reatha RTÉ