Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Deireadh le pleananna do Bhealach Glas Shligigh

02 NOLLAIG 2025, 11:31

Tá pleananna a bhí ann chun Bealach Glas, 35 ciliméadar a thógáil i Sligeach curtha ar fionraí
X Facebook

Tá pleananna a bhí ann chun Bealach Glas, 35 ciliméadar a thógáil i Sligeach curtha ar fionraí.

Bhí sé i gceist Bealach Glas siúlóide agus rothaíochta 35 ciliméadar a thógáil ar chuid de bhealach iarnróid an iarthair nach bhfuil in úsáid i ndeisceart Shligigh.

The disused railway line in Sligo

Bhí cuid den líne traenach nach bhfuil in úsáid idir Cúil Mhuine agus Béal Lathaí de chuid Iarnród Éireann mar phríomh-rogha ag Comhairle Contae Shligigh.

The disused railway line in Sligo

Tá sé tugtha le fios ag an Údarás áitiúil go raibh siad ag cur aon obair eile ar fionraí mar nach bhfuil fáil a thuilleadh ar an mbealach a bhí uathu agus nach rogha inmharthana atá i rogha eile a bhí molta.