Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gan aon toradh ar chomhráite faoin Úcráin

03 NOLLAIG 2025, 14:58

Comhráite i Moscó faoin Úcráin: Meiriceánaigh ar chlé, Rúsigh ar dheis
X Facebook

Níor thángthas ar aon chomhaontú faoi dheireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin i gcomhchainteanna a bhí ar siúl i Moscó inné idir ionadaithe sinsearacha ó Rialtas na Stát Aontaithe agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin.

Ba iad Steve Witkoff, fear gnó agus cara le hUachtarán Mheiriceá Donald Trump, agus Jared Kushner, fear gnó atá pósta ag iníon do Trump, ba iad an bheirt ba shinsearaí ar thaobh na Meiriceánach.

Ar thaobh na Rúiseach, chomh maith le Putin féin, bhí a chomhairleoir gnóthaí eachtracha Yuri Ushakov agus an fear gnó Kirill Dmitriev.

Toradh leamh, más ea, a bhí ar na comhráite a mhair cúig huaire an chloig agus dúirt Yuri Ushakov ina ndiaidh go raibh "comhréitigh áirithe fós de dhíth" agus go raibh "neart oibre fós le déanamh".

Thug sé le fios gur phléigh an dá thaobh "ceist na críochtheorann", ar cosúil gurb í réigiún Donbas in oirthear na hÚcráine, agus cé leis í, a bhí ar intinn aige.

Is in Donbas is fíochmhaire atá an chogaíocht idir an Rúis agus an Úcráin agus tá an Rúis ag éileamh teidil ar an réigiún iomlán cé go bhfuil 5,000 ciliméadar cearnach di, ar a laghad, faoi údarás na hÚcráine.

Dúirt Yuri Ushakov freisin nach raibh aon ghlacadh ag Putin le cuid de na moltaí a rinne na Meiriceánaigh.

Ar a shon sin, mhaígh sé go ndearnadh dul chun cinn ar mhodh, go háirithe maidir le comhoibriú eacnamaíochta idir an Rúis agus na Stáit Aontaithe.

Ar scor don chruinniú, thug Steve Witkoff achoimre ar ar pléadh do Rúnaí Stáit Mheiriceá Marco Rubio agus mhaígh seisean chomh maith go ndearnadh roinnt dul chun cinn ann.

Thar cheist na críochtheorann mar shnaidhm atá fós le scaoileadh, tharraing Rubio aird ar na gealltanais a chaithfí a thabhairt don Úcráin faoi shlándáil na tíre i bhfad na haimsire.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ