Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Oifigigh ón Roinn Fuinnimh ag moladh creidmheasa a choinneáil'

03 NOLLAIG 2025, 15:39

'Ba mhór an náire creidmheasa fuinnimh a chur ar ceal an geimhreadh seo' – Sinn Féin
X Facebook

I nDáil Éireann, dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty gur chuir an Rialtas creidmheasa fuinnimh ar ceal an geimhreadh seo in ainnneoin gur mhol oifigigh ón Roinn Fuinnimh iad a choinneáil.

Is í an Feisire Eorpach Shinn Féin Lynn Boylan a tharraing aird ar an scéal a chéaduair tar éis di eolas ábhartha a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéis.

Dúirt Pearse Doherty go mba mhór an náire ag an Rialtas na creidmheasa fuinnimh a chur ar ceal agus mhaígh sé nach ndearnadh an cinneadh go dtí go raibh an t-olltoghchán thart.

Agus é ag cur forráin ar an Taoiseach Micheál Martin, dúirt an Dochartach gurb é fírinne an scéil nach raibh leas lucht oibre na tíre ar cheann de thosaíochtaí an Rialtais.

Dar le fear Shinn Féin go bhfuil daoine i gcruatan airgid faoi láthair agus nach léir dóibh go dtiocfaidh deireadh lena n-anchás go luath.

Dúirt an Taoiseach gur ghlac sé leis go raibh daoine i gcruatan agus mhaígh sé gur theastaigh ón Rialtas cuidiú leis na daoine is mó a bhí thíos leis.

Chuige sin, arsa sé, cuireadh €2 bhilliún i leataobh sa Bhuiséad le haghaidh pinsinéiri agus daoine a bhfuil ioncam íseal acu.

Ina cheann sin, a dúirt sé, ardaíodh an liúntas breosla agus cuireadh leis an líon daoine a bhí ina theideal.

Mar le billí fuinnimh, tharraing an Taoiseach aird ar an laghdú ar cháin bhreisluacha a thug an Rialtas isteach agus gheall sé go mbeadh feidhm leis an ráta sin go dtí 2030.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ