San Ard-Chúirt, dúradh leis an múinteoir Enoch Burke go mbeadh air an Nollaig an chaitheamh sa phríosún mura ngeallfadh sé gan treaspás a dhéanamh ar thalamh scoil Wilson's Hospital i gCo na hIarmhí, áit a mbíodh sé ag obair.
D'ordaigh an chúirt coicís ó shin Enoch Burke a chur i bpríosún an athuair mar gheall ar an neamhaird a bhí sé a thabhairt ar ordú fanacht amach ón scoil.
Dúirt an Breitheamh Brian Cregan ag an am go raibh an Búrcach agus a theaghlach ag féachaint leis an mbonn a bhaint d'údarás na gcúirteanna.
Cuireadh an múinteoir i bPríosún Mhuinseo an tseachtain seo caite.
Tugadh le fios sa chúirt inniu go raibh an tArd-Aighne ag breathnú ar iarratas ón mBreitheamh Cregan cás coiriúil a thabhairt in aghaidh Enoch Burke agus a theaghlaigh faoi dhíspeagadh cúirte.
Is iad na daoine eile sa teaghlach atá i gceist ná deartháir Enoch Burke, Isaac; a mháthair Martina; agus a dheirfiúr Ammi.
Dúirt Enoch Burke inniu nár ghlac sé leis go raibh díspeagadh cúirte déanta aige agus mhaígh sé go raibh meas aige ar dhlí na tíre.
Cuireadh i bpríosún é, arsa sé, mar nár thoiligh sé éitheach a thabhairt.
Baineann an scéal le hiarratas ó dhalta in Wilson's Hospital in 2022 go labhrófaí ar an dalta sin san uimhir iolra choíche ar chúiseanna inscne.
Ghlac príomhoide na scoile le hiarratas an dalta ach ní raibh aon ghlacadh ag Enoch Burke leis ar an mbonn, a dúirt sé, go raibh a leithéid glan in aghaidh a chreidimh Chríostaí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


