Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cruinniú ag Witkoff le hionadaí sinsearach ón Úcráin in Miami

04 NOLLAIG 2025, 12:53

Steve Witkoff, ionadaí speisialta Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump
X Facebook

Tá ionadaí speisialta na Stát Aontaithe, Steve Witkoff, agus ionadaí sinsearach ón Úcráin, Rustem Umerov, le teacht le chéile in Miami inniu, mar a bpléifidh siad na hiarrachtaí is déanaí atá ar bun chun deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.

Bhí comhráite ag Steve Witkoff agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin i Moscó arú inné ach tugadh le fios ina ndiaidh gur beag toradh a bhí orthu.

Ina ainneoin sin, dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump inné go raibh na comhráite "réasúnta maith" ach thug le fios go raibh sé róluath le rá cad a thitfeadh amach mar "nár mhór don dá thaobh tarraingt le chéile i dtosach".

Is iad an Rúis agus an Úcráin an dá thaobh a bhí i gceist ag Trump, cé nach raibh na hÚcránaigh rannpháirteach sna comhráite i Moscó.

Ba iad Steve Witkoff agus Jared Kushner, fear gnó atá pósta ag iníon do Trump, ba iad an bheirt ba shinsearaí a ghlac páirt sna comhráite i Moscó ar thaobh na Meiriceánach.

Mhaígh Trump inné gur bhraith an bheirt go raibh Putin ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh.

A bhfuil i ndán do réigiún Donbas in oirthear na hUcráine, tá sé ar cheann de na snaidhmeanna is casta dá bhfuil le scaoileadh sula dtiocfar ar chomhaontú síochána, más ea, agus tá na seacht n-acraí agus tuilleadh lena chois idir an dá thaobh maidir leis an gceist sin fós.

Tá na Rúisigh ag éileamh an réigiún iomlán a bheith ina seilbh acu ach deir na hÚcránaigh nach bhfuil lá rúin acu í a ligean uathu.

Go deimhin, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine Andrii Sybhia, chuir sé i leith Putin go raibh sé "ag cur am an domhain amú" lena chuid éileamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ