Maraíodh fear sna caogaidí i dtimpiste bóthair a bhí i gcathair Chorcaí inné.
D'imigh an gluaisteán a bhí an fear a thiomáint den bhóthar ag Timpeallán an tSáirséalaigh i ndeisceart na cathrach go gairid roimh 2 a chlog tráthnóna inné.
Ní raibh aon duine eile sa ghluaisteán agus ní raibh aon fheithicil eile bainteach leis an tionóisc.
Fágann an tubaiste is deireanaí go bhfuil 167 duine maraithe i dtimpistí bóthair go dtí seo i mbliana, i gcomparáid le 159 san achar céanna anuraidh.
Tiománaithe ab ea 65 den 167 agus paisinéirí i bhfeithiclí ab ea ocht nduine dhéag díobh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


