I gCúirt Dúiche Dhroichead na Bandan i gCo Chorcaí, phléadáil ceathrar fear ciontach in iarracht a dhéanamh luach €31 milliún de chócaon a thabhairt isteach sa tír seo i mí Iúil seo caite.
Sin iad Mark Doherty, 40 bliain d'aois, as Glaschú; Levent Gulay, 31 bliain, as Neu-Ulm sa Ghearmáin; Christopher Hibbett, 44 bliain, as Truru sa Chorn; agus Ben Sandford, 39 bliain, as Moireibh in Albain.
Seoladh cás an cheathrair ar aghaidh chuig Cúirt Chuarda Chorcaí, áit an ngearrfar pianbhreith orthu i mí Feabhra seo chugainn.
Ceadaíodh saorchúnamh dlí do na fir agus dúradh go mbeadh costas breise ag baint le cáipéisí a aistriú go Gearmáinis ar son Levent Gulay.
Cuireadh an ceathrar siar faoi choinneáil.
Fuarthas an cócaon nuair a stop na Gardaí veain i gceantar Chúirt Mhic Shéafraidh in iarthar Chorcaí ar an 1 Iúil.
Gabhadh beirt a bhí sa veain agus gabhadh an bheirt eile ar bhád righin inséidte amach ó chósta Phort Láirge.
Bhí na húdaráis ag faire ar na fir le scaitheamh, agus chomh maith leis na Gardaí, bhí oifigigh chustaim, an tSeirbhís Chabhlaigh agus an tAerchór páirteach sa bheart.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


