Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ionsaí lámhaigh déanta ar shaighdiúirí Éireannacha sa Liobáin

05 NOLLAIG 2025, 12:30

Bhí saighdiúirí ón 127ú Cathlan Coisithe ar patról nuair a ionsaíodh iad gar do bhaile Bint Jbeil sa Liobáin (Pic: Cartlann)
X Facebook

Deir Óglaigh na hÉireann go ndearnadh ionsaí lámhaigh le mionarm ar shaighdiúirí as an tír seo i ndeisceart na Liobáine inné.

Níor gortaíodh aon duine de na saighdiúirí san ionsaí a tharla in aice le baile Bint Jbeil ag thart ar 6 a chlog tráthnóna inné.

Bhí saighdiúirí ón 127ú Cathlan Coisithe ar patról sa cheantar nuair a tháinig seisear fear ar mhóipéidí chomh fada leo. Scaoil duine de na fir trí philéar le cúl na feithicle a raibh na saighdiúirí inti agus theith gan mhoill.

Tá na saighdiúirí ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe i ndeisceart na Liobáine agus tá siad lonnaithe i mbunáit Champa na Seamróige atá suite cúpla ciliméadar siar ó Bint Jbeil.

Níl sé soiléir cé a bhí freagrach as an ionsaí lámhaigh ach is minice seachghníomhairí Iosrael sa réigiún thar aon dream eile ag buaireamh na nÉireannach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ