Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ionsaí ar CLG Oirthear Bhéal Feirste: pionós le gearradh ar fhear

05 NOLLAIG 2025, 14:57

Tá CLG Oirthear Bhéal Feirste ar an bhfód ó mhí na Bealtaine 2020
X Facebook

I gcúirt i mBéal Feirste, cuireadh siar faoi choinneáil fear a ciontaíodh trí mhí ó shin in iarracht a thabhairt ar ionsaí buamaí píopa a dhéanamh ar Chumann Lúthchleas Gael Oirthear Bhéal Feirste.

Sin é John Wilson, 59 bliain d'aois, as Bóthar an Bhrainil Íochtarach i mBéal Feirste, a ngearrfar pianbhreith air Dé Céadaoin seo chugainn.

Ciontaíodh Wilson cheana freisin in iarracht a dhéanamh baill de CLG Oirthear Bhéal Feirste a imeaglú.

Dúradh i dtriail Wilson gur chuir sé dhá bhuama píopa ar bhoinéid dhá ghuaisteán a bhí páirceáilte taobh amuigh de pháirc imeartha an chumainn ar an 5 Lúnasa 2020.

Ba le beirt bhall den chumann – imreoirí peile – an dá ghluaisteán.

Dúirt abhcóide an ionchúisimh gur léir go raibh rún ag Wilson daoine a sceimhliú.

Ó bunaíodh CLG Oirthear Bhéal Feirste i mí na Bealtaine 2020 tá feachtas seicteach ar bun ag dílseoirí leis an gcumann a ruaigeadh as an gceantar.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ