Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cruinnithe i Miami ach an Úcráin fós faoi ionsaí

06 NOLLAIG 2025, 15:24

Scriosadh ar Fastiv san Úcráin
X Facebook

Leanadh ar aghaidh inniu le sraith cruinnithe idir toscairí óna Stáit Aontaithe agus na hÚcráine féachaint le bealaí a aimsiú le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.

Is i Miami i Stát Florida atá na cruinnithe ar siúl, d'iarr an 2 thaobh inniu ar Uachtarán na Rúise,Vladimir Putin iarracht éigin i dtreo na síochána a léiriú.

Níl aon staonadh fós le hionsaithe na Rúise áfach agus scaoil na Rúisigh breis is 700 diúracán aréir , a bhformhór a deir an Rúis dírithe ar láithreacha fuinnimh agus ar bhealaí iarnród.

Gortaíodh triúr ar a laghad in ionsaí a rinneadh ar phríomhchathair na hÚcráine,Cív.