Tá beirt marbh de bharr tine i dteach cónaithe i gContae Uíbh Fhailí.
Tá fiosrúchán dúnmharaithe bunaithe anois ag na gardaí.
Bean sna seascaidí agus buachaill óg 4 bliain d'aois atá i gceist.
Bhásaigh siad sa dóiteán a tharla in eastát tithíochta tráthnóna aréir i bPáirc Radharc an Chaisleáin in Éadan Doire.
Gortaíodh bean eile sna caogadaí freisin go dona agus tá fíor dhroch-bhail uirthise san ospidéal.
Bhí gardaí agus seirbhísí éigeandála ar an láthair go gairid roimh cheathrú chun a hocht.
Ba i ndiaidh do na seirbhísí dóitéain an tine a mhúchadh a thángthas ar 2 chorp.
Deir na gardaí gur dó mailíseach a bhí i gceist.
Tá siad ag lorg cúnamh an phobail maidir lenar tharla.
Cuirfear scrúdú dlíeolaíoch ar an láthair níos deireanaí.


