Tá foláireamh Stadas Oráiste i bhfeidhm i gcuid mhód den tír agus Stoirm Bram ag déanamh a bhealach ó thuaidh.
Tá roinnt fuarlaigh agus crainn titithe, agus tá 54,000 custaiméir gan leictreachas, go phríomha i gCorcaigh, Tiobraid Árann, Loch Garman, Luimneach agus Cill Dara.
Táthar ag tuar go méadóidh an lion sin i rith na tráthnóna.
Chonacthas fuarlaigh ar dtús i gCo. Phort Láirge agus ar na céanna i gCathair Chorcaí.
Cé gur oscail an mhórchuid de scoileanna an Stáit, shocraigh 70 scoil ar chósta thiar na tíre dúnadh.
Tá seirbhísí DART idir lár Bhaile Átha Cliath ag stáisiún an Phiarsaigh agus Dún Laoghaire ar fionraí de bharr chrann titithe a bhris línte cumhachta na seirbhíse. Beidh ar dhaoine a gcuid ticéad a úsáid ar sheirbhís Bus Atha Cliath.
Cé nach dtuairiscítear eachtraí tromchúiseacha ná damáiste go fóill, táthar ag moladh do dhaoine fós bheith cúramach tráthnóna agus anocht.
Cuireadh roinnt eitiltí ar ceal ag na trí mhór aerfort sa Stát, agus cuireadh as freisin do sheirbhísí farantóireachta. 73 eitilt go fóill a cuireadh ar ceal ag Aerfort Atha Cliath, cuid mhór díobh sin de bharr na haimsire anseo agus sa Bhreatain.
Faoina ceathair a chlog tráthnóna bhí na contaethe is faide ó dheas ar ais ar fholáireamh Buí Gaoithe.
7 a chlog tráthnóna é an t-am a iompófar an chuid eile den Stát, seachas Dún na nGall ar an bhfoláireamh Buí. Mairfidh an foláíreach ansiúd go dtína 9 anocht.
Beidh foláireamh flannbhuí i bhfeidhm in Aontroim, Fear Manach, Tír Eoghain agus Doire go dtína 7pm.


